Sponsors  |   Merchandise  |   Videos  |   Gallery  |   (Eng)

The Course
Féach ar fhíseán den nDaingean ar You Tube anseo.

Tá cúrsa Mharathon an Daingin ag imeacht trí Chorca Dhuibhne lena radharcanna áille, bailte breátha agus suímh stairiúla.

Tabharfaidh cúrsa an leathMharathon siar i dtreo Cheann Trá sinn, as sin go Ceann Sléibhe agus sinn ag sroichint ár gceann scríbe i nDún Chaoin. Cúrsa dúshlánach is ea é a bhfuil cúpla cnoc agus casadh ann fan na slí. Árdóidh na radharcanna croíthe lucht reatha áfach, ina measc radharc breá ar na Blascaodaí ar theacht timpeall Cheann Sléibhe dóibh. Beidh sóláistí ar fáil ag an gceann scríbe i nDún Chaoin agus beidh bus ar fáil chun rannpháirtithe a thabhairt ar ais isteach an Daingean mar ar féidir leo a n-éacht a cheiliúradh.

Leanfaidh an gaeilge iomlán cúrsa an leath-mharathon agus tuilleadh. Leanfaidh an gaeilge iomlán ar aghaidh ó Dhún Chaoin agus radharcanna breátha ina n-ábhar misnigh fós ag rannpháirtithe. Leanfaidh an cúrsa ó Bhaile an Fheirtéaraigh go dtí An Mhuiríoch. Tá stráice dúshlánach den gcúrsa roimh rannpháirtithe anois agus cúpla cnoc le cur díobh acu. Agus na cnoic curtha díobh acu, gheobhaidh siad radharc breá ar Bhá an Damh Deirg, Bá an Daingin, gan le déanamh acu anois ach an stráice díreach bóthair seo a chur dóibh. Is cúrsa deacair é cúrsa an Marathon iomlán. Tá mórán stráicí dúshlánacha ann. É sin ráite, braithfidh rannpháirtithe sásta lena mbeidh bainte amach acu ag deireadh an lae.
   
Proudly Sponsored By