Tá súil againn go n-éireoidh go geal le gaeilge an Daingin i 2009 agus gur ócáid bhliantúil a bheidh ann amach anseo.
Led thoil:
Bí in am agus lean na treoracha ar fad atá i bhfeidhm. Lean na treoracha ar fad a fhaigheann tú ósna húdaráis áitiúla agus ósna maoir.
Beidh cosc ar pháirceáil in áiteanna. Clóigh le treoracha fé mar is gá.
Tá lóistín ar fáil – féach na naisc idirlín atá curtha ar fáil.
Beidh fáilte roimh lucht féachana fan na slí ach ní mór dóibh cloí leis na treoracha maidir le bóithre dúnta srl. Ná páirceáil nó ná blocáil, ar aon chúis, aon bhealaí, bóithríní fan na slí mar d’fhéadfadh sé seo cur isteach ar chúrsaí sábháilteachta.
Tá sláinte agus sábháilteacht phoiblí fíorthábhachtach le linn na hócáide. Táthar ag déanamh gach iarracht a chinntiú go n-éiríonn go maith leis an ócáid le linn an deireadh seachtaine. Má tá aon ní ag cur tinnis ort maidir le sábháilteacht phoiblí, dein teagmháil linn.
Tá muintir an Daingin ag tabhairt cead do na mílte reathaithe rith tréna mbaile fíorálainn. Ba mhaith le Marathon an Daingin buíochas ar leith a ghabháil leo as ucht a dtacaíochta don ócáid.
NB Bíodh meas agat ar an dtimpeallacht agus ar chultúr an phobail ina bhfuil tú don deireadh seachtaine. Ní fhéadfaí an ócáid seo a reachtáil gan chabhair agus tacaíocht mhuintir an Daingin.
Ba mhaith le Marathon an Daingin buíochas a ghabháil leo seo a leanas: